skip to main content

Fear os comhair cúirte i nDoire faoi bhean a dhúnmharú

Fuarthas corp Montserrat Martorell in árasán ar Shráid Harvey i gcathair Dhoire
Fuarthas corp Montserrat Martorell in árasán ar Shráid Harvey i gcathair Dhoire

Tugadh fear 28 bliain d'aois os comhair cúirte i nDoire inniu agus é cúisithe i mbean a dhúnmharú sa chathair sin an deireadh seachtaine seo caite.

Sin é Ciarán Murray, as Plás Ghort an Fheabhail i nDoire, a bhfuil sé curtha ina leith gur dhúnmharaigh sé Montserrat Martorell a bhí 65 bliain.

Fuarthas corp Montserrat Martorell in árasán a bhí dóite ar Shráid Harvey i lár Dhoire ar an Satharn.

Dúirt na póilíní go ndearnadh ionsaí brúidiúil uirthi agus gur bhain go leor gortuithe di.

Ba as an Spáinn ó dhúchas Montserrat Martorell.

Chomh maith le dúnmharú, tá Ciarán Murray cúisithe i gcoirloscadh agus é ar intinn aige beatha a chur i mbaol.

Is ar nasc físe a tháinig sé os comhair na cúirte inniu.

Ní dhearnadh aon iarratas ar bhannaí thar a cheann agus cuireadh siar faoi choinneáil é go ceann ceithre seachtaine.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ