skip to main content

Ionsaí na nIosraelach ar an mBruach Thiar cáinte ag Guterres

Feithicil armúrtha le hArm Iosrael ag dul sa bhealach ar otharcharranna i gcathair Jenin, 28 Lúnasa 2024
Feithicil armúrtha le hArm Iosrael ag dul sa bhealach ar otharcharranna i gcathair Jenin, 28 Lúnasa 2024

D'impigh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe António Guterres ar na hIosraelaigh deireadh a chur láithreach lena n-oibríochtaí míleata sa Bhruach Thiar agus cháin sé iad go neamhdhíreach faoi dhaoine a mharú ann, go háirithe leanaí.

Chuir António Guterres i leith na nIosraelach freisin go bhfuil an ghéarchéim atá sa Mheánoirthear trí chéile, go bhfuil sé á ghéarú tuilleadh acu.

Janez Lenarčič, Coimisinéir Chabhair Dhaonnúil an Aontais Eorpaigh, dúirt seisean go bhfuil an dlí idirnáisúnta agus cearta daonna na bPalaisínteach sa Bhruach Thiar á sárú ag na hIosraelaigh

Tá mórionsaí á dhéanamh ag Arm Iosrael ar cheithre chathair sa Bhruach Thiar ó arú aréir.

Tá cuid de bhonneagar chathair Jenin scriosta ag saighdiúirí ó shin agus tuairiscítear go bhfuil ollscartairí tugtha isteach san áit acu inniu le dúil tuilleadh scriosta a dhéanamh.

Tá bacainní curtha suas ag na hIosraelaigh taobh amuigh de phríomhospidéal na cathrach agus tá otharcharranna á gcíorláil go mion acu sula ligeann siad isteach iad, má ligeann.

Dúirt na hIosraelaigh gur mharaigh siad "cúigear sceimhlitheoirí Palaistíneacha" a bhí i bhfolach i mosc i gcathair Tulkarm, comhalta sinsearach de Jiohád Ioslamach na Palaistíne ina measc.

Chuir na hIosraelaigh i leith Rialtas na hIaráine go bhfuil siad ag tacú le grúpaí míleata Palaistíneacha sa Bhruach Thiar.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ