Tá os cionn 300 fostaí le ligean chun siúil ó mhonarcha táirgí leighis Cardinal Health i dTulach Mhór i gCo Uíbh Fhailí nuair a dhúnfar an áit an bhliain seo chugainn.
Lig an comhlacht an drochscéal leis an bhfoireann i gcruinniú sa mhonarcha ar maidin inniu.
Fuair an fhoireann leid faoina raibh le teacht, ámh, nuair a gaireadh an cruinniú tráthnóna inné.
Dúradh leis na fostaithe inniu go raibh an obair a dhéantar i dTulach Mhór faoi láthair le haistriú go hionaid eile leis an gcomhlacht faoi Mhárta 2026.
I ráiteas, dúirt Cardinal Health go ndearna siad an cinneadh an mhonarcha a dhúnadh tar éis dóibh measúnú a dhéanamh ar oibríochtaí an chomhlachta agus ar riachtanais reatha a gcuid custaiméirí.
Tuigtear gur tairgeadh pá sé seachtaine in aghaidh gach bliana seirbhíse do na hoibrithe mar shocrú iomarcaíochta, i gceann an phá dhá sheachtain a bhfuil siad ina theideal de réir dlí.
Dheimhnigh an ceardchumann SIPTU go mbeidh siad ag dul i gcomhairle leis an gcomhlacht faoi chúrsaí iomarcaíochta as seo go ceann míosa.
Thug an tAire Fiontar Peter Burke le fios go raibh sé i mbun comhráite le Cardinal Health faoin scéala agus mhaígh go dtriailfí gach iarracht le dúil obair eile a fháil do na fostaithe.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ