skip to main content

Colum Eastwood le héirí as mar cheannaire an SDLP

Chaith Colum Eastwood naoi mbliana ina cheannaire ar an SDLP
Chaith Colum Eastwood naoi mbliana ina cheannaire ar an SDLP

D'fhógair ceannaire an SDLP Colum Eastwood go foirmiúil inniu go bhfuil sé le héirí as an gcúram i dtús mhí Dheireadh Fómhair.

Ag preasócáid i nDoire, dúirt Colum Eastwood gur mhór an onóir aige é beagnach deich mbliana a chaitheamh ina cheannaire ar an SDLP ach thug le fios chomh maith go raibh sé in am éirí as.

Is ag comhdháil bhliantúil an SDLP ar an 5 Deireadh Fómhair a éireos sé as, arsa sé.

Tá Colum Eastwood 41 bliain d'aois agus tá sé ina cheannaire ar an SDLP ó 2015.

Feisire parlaiminte thoghcheantar an Fheabhail atá ann ó 2019, tráth a thóg sé an suíochán ar ais ó Shinn Féin ar son an SDLP le móramh de 17,000 vóta.

Atoghadh é san olltoghchán i dtús na míosa seo caite ach is móramh de 4,000 vóta a bhí aige an uair sin.

Tríd is tríd, tá an SDLP i bhfad chun deiridh ar Shinn Féin i measc náisiúnaithe sa Tuaisceart.

Faoi láthair, tá lua ar bheirt a d'fhéadfadh teacht in áit Cholum Eastwood.

Sin iad an feisire parlaiminte Claire Hanna agus an feisire i dTionól Stormont Matthew O'Toole.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ