Fuair beagnach 57,000 iarrthóir tairiscint ar chúrsa oideachais tríú leibhéal ón Lár-Oifig Iontrála inniu.
Fuair roinnt de na hiarrthóirí dhá thairiscint ar dhá chúrsa éagsúla.
Níl ann go fóill ach an chéad bhabhta tairiscintí agus eiseofar an dara babhta ar an 9 Meán Fómhair.
83,369 tairiscint san iomlán a d'eisigh an Lár-Oifig Iontrála inniu – beagnach 52,000 tairiscint ar chúrsaí Leibhéal 8 agus corradh le 31,400 tairiscint ar chúrsaí Leibhéal 7/6.
Leibhéal 8 an leibhéal fochéime is airde, agus tá an líon pointí a theastaíonn ardaithe i gcás 40% de na cúrsaí sin ach tite i gcás beagnach a leath acu.
Ardú thart ar 5% atá i gceist le formhór na gcúrsaí eile.
56% den dream a chuir isteach ar chúrsaí Leibhéal 8, fuair siad a rogha cúrsa. Naonúr as gach deichniúr a chuir isteach ar chúrsaí Leibhéal 7/6, fuair siadsan a rogha cúrsa chomh maith.
Mar le daoine nach bhfuair a gcéad rogha, tá cead acu glacadh lena ndara rogha nó lena dtríú rogha agus mar sin díobh go fóill, ach beidh cead acu glacadh le rogha níos airde ina dhiaidh sin má fhaigheann siad tairiscint.
Os a choinne sin arís, b'fhéidir nach bhfaigheadh daoine aon tairiscint eile seachas an ceann a fuair siad inniu.
Na tairiscintí a heisíodh inniu, rachaidh siad ar neamhní mura nglacfar leo faoina 3 a chlog Dé Máirt seo chugainn.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ