skip to main content

Táirgí vápála a bhfuil ábhar cannabais iontu tógtha ag na Gardaí

Na táirgí vápála a thóg na Gardaí i gCo Dhún na nGall an tseachtain seo caite
Na táirgí vápála a thóg na Gardaí i gCo Dhún na nGall an tseachtain seo caite

Thóg na Gardaí roinnt táirgí vápála a gceaptar go bhfuil ábhar cannabais iontu nuair a chuardaigh siad ionaid éagsúla i mBun Dobhráin agus i mbaile Dhún na nGall an tseachtain seo caite.

Bhí tús curtha ag na Gardaí le fiosrúchán tar éis dóibh scéala a fháil gur buaileadh an-tinn duine sa cheantar a bhí ag vápáil.

66 gaireas vápála agus dhá bhuidéal ola a gceaptar go bhfuil cannaibionóidigh iontu na táirgí a thóg na Gardaí.

Tá luach €3,080 sna táirgí a cuireadh ó shin chuig an ngníomhaireacht Stáit, Eolaíocht Fhóiréinseach Éireann, lena n-anailísiú.

Is féidir le cannaibionóidigh shintéiseacha a bheith an-láidir agus is féidir leo an-díobháil a dhéanamh do shláinte duine, níos mó díobhála ná cannabas nádúrtha.

Is iad na Gardaí i mBéal Átha Seanaidh atá i mbun an fhiosrúcháin agus tá siad ag iarraidh ar aon duine a mbeadh eolas ábhartha acu teach chun cainte leo.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ