skip to main content

Bean cúisithe maidir le bás a céile fir i mBaile Brigín

James Ryan a bhásaigh in Ospidéal Beaumont ar an 11 Lúnasa
James Ryan a bhásaigh in Ospidéal Beaumont ar an 11 Lúnasa

Tugadh bean 48 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath inniu agus í cúisithe maidir le bás a céile fir.

Sin í Olesja Hertova, as Plásóga Hastings i mBaile Brigín, a cúisíodh i ndíobháil thromchúiseach a dhéanamh do James Ryan a bhí sna seascaidí.

Fuarthas James Ryan sínte ar an mbóthar i mBaile Brigín go moch ar maidin Dé Sathairn an 10 Lúnasa.

Bhain gortuithe tromchúiseacha dó agus tugadh é go dtí Ospidéal Beaumont, áit ar éag sé an lá dar gcionn.

Thug Garda sinsearach le fios sa chúirt inniu nach ndúirt Olesja Hertova aon ní nuair a cuireadh an chúis ina leith.

Dúirt an Garda freisin go bhféadfaí tuilleadh cúiseanna a chur ina leith san am le teacht ach treoir a fháil ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

Is de bhunadh na Seice Olesja Hertova a bhí mar chúramóir ag James Ryan a raibh galar Parkinson agus galar scamhóg air.

Dúradh sa chúirt leis gur iarchomhalta d'Óglaigh na hÉireann ab ea James Ryan.

Ordaíodh Olesja Hertova a chur siar faoi choinneáil ach ceadaíodh í a scaoileadh saor ar bannaí faoi réir coinníollacha áirithe.

Tá sí le teacht os comhair cúirte arís seachtain ó inniu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ