Maraíodh naonúr Palaistíneach ar a laghad nuair a thug fórsaí míleata Iosrael ruathair ar thalamh agus ón aer faoi roinnt bailte sa Bhruach Thiar, dar le Cumann an Chorráin Dheirg sa réigiún.
Limistéar Palaistíneach is ea an Bruach Thiar ar ghabh na hIosraelaigh é in 1967 agus a bhfuil greim mídhleathach acu air ó shin. Áirítear 2.8 milliún duine a bheith ina gcónaí sa Bhruach Thiar.
Dúirt lucht an Chorráin Dheirg gur maraíodh beirt Phalaistíneach i gcathair Jenin i dtuaisceart an Bhruaigh Thiar, gur maraíodh ceathrar eile i sráidbhaile ar chiumhais na cathrach agus ceathrar eile fós i gcampa teifeach i mbaile Tubas. Gortaíodh cúig dhuine dhéag freisin, a dúradh.
I ráiteas, dúirt Arm Iosrael go raibh oibríocht ar bun acu in Jenin agus i mbaile Tulkarm "le dúil an sceimhlitheoireacht a chloí" sna háiteanna sin.
Tuairiscítear gur maraíodh cúigear – triúr déagóirí ina measc – nuair a rinne na hIosraelaigh ionsaí ón aer ar champa teifeach Nur Shams in aice le Tulkarm arú inné.
Meastar go bhfuil os cionn 640 Palaistíneach maraithe ag fórsaí míleata Iosrael agus ag lonnaitheoirí Iosraelacha sa Bhruach Thiar ó mhí Dheireadh Fómhair seo caite.
Dar le Rialtas Iosrael gur maraíodh naoi nIosraelach déag sa limistéar i gcaitheamh an achair sin chomh maith.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ