skip to main content

Tairiscintí ar chúrsaí tríú leibhéal le heisiúint inniu

Rinne os cionn 83,500 duine iarratas ar chúrsa tríú leibhéal i mbliana
Rinne os cionn 83,500 duine iarratas ar chúrsa tríú leibhéal i mbliana

Tar éis am lóin inniu, eiseoidh an Lár-Oifig Iontrála an chéad bhabhta tairiscintí ar chúrsaí oideachais tríú leibhéal chomh maith leis an líon pointí a theastaíonn lena n-aghaidh.

Rinne os cionn 83,500 duine iarratas ar chúrsa tríú leibhéal i mbliana, lena n-áirítear 47,000 scoláire a rinne an Ardteistiméireacht i mí an Mheithimh seo a chuaigh thart.

Rinne 19,000 de na iarrthóirí an Ardteist blianta eile, cuid acu chomh fada siar le 1985. Tá cáilíochtaí breisoideachais ag 14,000 iarrthóir eile.

Dála blianta eile, ceaptar go bhfaighidh thart ar 60,000 duine tairiscint ar chúrsa inniu – a rogha cúrsa i gcás leath na n-iarrthóirí Leibhéal 8, an leibhéal fochéime is airde.

Ceaptar freisin go bhfaighidh ceathrar as gach cúigear tairiscint ar cheann dá gcéad trí rogha.

Seolfar ríomhphost agus teachtaireacht téacs chuig iarrthóirí, más in a thogair siad, agus is chuig iarrthóirí Leibhéal 8 a chuirfear scéala i dtosach.

Rachaidh tairiscintí ar neamhní mura nglacfar leo faoina 3 a chlog Dé Máirt seo chugainn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ