Dar le hurlabhraí airgeadais Shinn Féin Pearse Doherty gur cheart an méid airgid a bhailítear ón dleacht a ghearrtar ar bhainc na tíre a ardú ó €200 milliún go dtí €400 milliún i mbliana.
Níos túisce inniu, dhearbhaigh an tAire Airgeadais Jack Chambers go gcoinneofaí an dleacht i mBuiséad 2025 atá le fógairt i gceann cúig seachtaine.
Dúirt Pearse Doherty gur cheart don Rialtas an dleacht a dhúbailt i bhfianaise na mbrabach mór atá na bainc a dhéanamh de bharr rátaí úis a bheith chomh hard.
É sin, arsa an Dochartach, i gcomparáid le teaghlaigh a bhfuil a n-aisíocaíochtaí morgáiste ardaithe os meán sna cúinsí céanna.
Mhol sé an €200 milliún breise a bhaileofaí ón dleacht dhúbailte a chur ar fáil le tacú leis na teaghlaigh sin.
Tugadh an dleacht isteach ar an gcéad dul síos in 2014 agus gearrtar é ar Bhanc na hÉireann, AIB, EBS, agus PTSB – na ceithre bhanc a fuair tacaíocht ón Stát nuair a bhí an ghéarchéim airgeadais ann.
Dealraítear go n-aontaíonn an tAire Airgeadais le cuid mhór dá ndúirt Pearse Doherty.
Thug Jack Chambers le fios gur cheart an dleacht a choinneáil mar gheall ar a bhrabúsaí atá na bainc agus mar gheall ar an sochar a bhaineann siad as cobhsaíocht gheilleagar na tíre seo.
Dúirt sé freisin go bhféadfaí leas a bhaint as an airgead ón dleacht le cánacha a isliú.
Ina cheann sin, dúirt sé nach raibh cinneadh déanta fós faoin méid a ghearrfar ar na bainc.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ