skip to main content

Iarratas Google ar ionad nua sonraí a thógáil diúltaithe

Páirc Gnó Chaisleán na Gráinsí in iarthar Bhaile Átha Cliath
Páirc Gnó Chaisleán na Gráinsí in iarthar Bhaile Átha Cliath

Tá iarratas Google ar ionad nua sonraí a thógáil i Páirc Gnó Chaisleán na Gráinsí diúltaithe ag Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas.

Thug an Chomhairle Contae le fios gur diúltaíodh cead pleanála a thabhairt don ionad mar nach bhfuil dóthain leictreachais ar fáil ón líonra náisiúnta ná ó fhoinsí in-athnuaite lena aghaidh.

Bhí sé ar intinn ag Google ocht halla sonraí a thógáil ar shuíomh 72,400 méadar cearnach sa pháirc gnó i gCill Mochuidbhricht.

Tugadh le fios san iarratas pleanála go mbeadh obair ar fáil do 800 duine agus an t-ionad á thógáil agus go mbeadh 50 post buan ann nuair a bheadh sé críochnaithe.

Maíodh san iarratas freisin mura gceadófaí an togra go rachadh sé rite le Google freastal ar éilimh chustaiméirí an chomhlachta in Éirinn.

Dúradh ann freisin, áfach, go sceithfeadh an t-ionad sonraí 224,250 tonna de dhé-ocsaíd charbóin in aghaidh na bliana ar dhóigh nó ar dhóigh eile agus nach raibh aon phlean ann leis na hastaíochtaí sin a mhaolú.

Chomh maith le cursaí leictreachais, dhiúltaigh an Chomhairle Contae an t-iarratas mar nach raibh dóthain eolais ann, a dúradh, faoi chomhshaol na háite a chosaint, go háirithe an sruthán áitiúil agus na fálta sceach atá ag fás ann.

Tá cead ag Google achomharc in aghaidh chinneadh na Comhairle Contae a chur faoi bhráid an Bhoird Phleanála.

Dar le Seán O'Callaghan ón iontaobhas comhshaoil An Taisce gur tugadh cead a gcinn nach mór do chomhlachtaí sonraí in Éirinn go dtí seo agus go gcaitheann ionaid sonraí 21% de leictreachas méadraithe na tíre.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ