skip to main content

149,200 inimirceach tagtha go hÉirinn in imeacht bliana

Ardú 5% ar an líon inimirceach a tháinig chun an Stáit seo le bliain
Ardú 5% ar an líon inimirceach a tháinig chun an Stáit seo le bliain

Tháinig 149,200 duine chun cónaithe sa Stát seo ón iasacht i gcaitheamh an dá mhí dhéag idir Aibreán 2023 agus Aibreán 2024, de réir figiúirí nua ón bPríomh-Oifig Staidrimh.

Sin ardú 5% ó 2022-2023 agus is é an an líon is mó inimirceach a tháinig go hÉirinn in imeacht bliana é ó 2006-2007.

Níor eachtrannaigh iad ar fad, arae aisimircigh a bhí ag filleadh ar an bhfód dúchais ab ea 30,000 den 149,200.

Saoránaigh bhallstáit eile san Aontas Eorpach ab ea 27,000 díobh agus saoránaigh na Breataine ab ea 5,400 díobh.

Ba as tíortha eile an 86,800 duine eile.

Dar leis an bPríomh-Oifig Staidrimh gurb í seo an tríú bliain as a chéile a tháinig barr ar 100,000 chun cónaithe in Éirinn ón iasacht.

Léiríonn ar fhoilsigh na staitisteoirí inniu chomh maith gur imigh barr ar 69,000 duine as an Stát le dul chun conaithe i dtíortha eile idir Aibreán 2023 agus Aibreán 2024, i gcomparáid le 64,000 an bhliain roimhe sin.

Sin an líon is mó eisimirceach ó 2014-2015.

Saoránaigh na hÉireann ab ea 34,000 den 69,000.

Ba chun na hAstráile a chuaigh 10,600 den 69,000, i gcomparáid leis an 4,700 a thug a n-aghaidh soir ó dheas ar an mór-roinn antapódach úd an bhliain roimhe sin.

D'imigh 15,200 duine as an Stát le baint fúthu sa Bhreatain, i gcomparáid le 14,600 an bhliain roimhe sin.

San am céanna, tháing breisiu nádúrtha ar an daonra; saolaíodh 54,200 leanbh agus cailleadh 34,800 duine, ar bhreisiú 19,400 duine é sin.

De réir na meastachán a chuir an Phríomh-Oifig Staidrimh ar fáil inniu, tá daonra an Stáit ag dul in aois.

Tá 833,300 duine 65 bliain d'aois nó níos sine, sin 156,800 níos mó ná 2018.

Tá 55,500 leanbh faoi dhá mhí dhéag, sin 19,400 níos lú ná 2010.

Grafaic eolais nua ón bPríomh-Oifig Staidrimh

Tá an céatadán den daonra náisiúnta atá ina gcónaí i mBaile Átha Cliath ardaithe ó 27.6% in 2011 go 28.5%.

1,534,900 duine atá ag cur fúthu i mBaile Átha Cliath – idir an chathair agus an contae – ar ardú 33,400 é sin ó 2023.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ