skip to main content

Líomhaintí faoi airm le haghaidh Iosrael á bhfiosrú

Sliogáin na hairtléire de dhéantús Mheiriceá a d'fhág fórsaí míleata Iosrael ina ndiaidh in Khan Younis, Gaza, 4 Meitheamh 2024
Sliogáin na hairtléire de dhéantús Mheiriceá a d'fhág fórsaí míleata Iosrael ina ndiaidh in Khan Younis, Gaza, 4 Meitheamh 2024

Tá an Roinn Iompair ag fiosrú líomhaintí a foilsíodh ar an suíomh gréasáin nuachta The Ditch gur iompraíodh airm le haghaidh fhórsaí míleata Iosrael trí aerspás an Stáit seo.

De réir a líomhnaítear, iompraíodh na hairm ar eitleáin le haerlíne shibhialta trí aerspás na hÉireann roinnt uaireanta i mbliana.

Dúirt urlabhraí ón Roinn Iompair go bhfuil cosc ar airm chogaidh a iompar ar aerárthaigh shibhialta in aerspás ardcheannasach na hÉireann mura bhfuil díolúine faighte ón Aire Iompair.

Dhearbhaigh an t-urlabhraí nach bhfuarthas aon iarratas ar dhíolúine maidir le hairm a iompar go dtí Iosrael nó ó Iosrael anuraidh nó go dtí seo i mbliana.

Tugadh le fios freisin go bhfuil an Roinn Iompair ag plé na ceiste leis an aerlíne shibhialta atá i gceist.

Dheimhnigh an Taoiseach Simon Harris inné go raibh an scéal á fhiosrú ag an Rialtas.

Ag labhairt di ar RTÉ inniu, dúirt an Teachta Dála Bríd Smith ó Phobal Roimh Bhrabús go raibh sé contúirteach airm a iompar trí aerspás na hÉireann, gan trácht ar an scrios atáthar a dhéanamh in Gaza.

Thug sí le fios go bhféadfadh an Rialtas an dlí a chur ar an aerlíne atá i gceist as rialacha a shárú.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ