Tar éis bháis san ospidéal i mBéal Feirste, tá fear 20 bliain d'aois a gortaíodh i dtimpiste bóthair a bhí i gCo Dhún na nGall oíche Dé Sathairn seo caite.
B'in é Eoghan Dawson a bhí ag tiomáint gluaisteáin a d'imigh den bhóthar in aice le Rinn Uí Choigligh in Inis Eoghain Thoir.
Maraíodh ar an mball a chol ceathar, Kian Dawson, a bhí sé bliana déag agus a bhí ina phaisinéir sa ghluaisteán.
Ba as cathair Dhoire an bheirt.
Tá na Gardaí i mBun Cranncha ag achainí ar aon duine a mbeadh eolas ábhartha acu faoin timpiste teacht chun cainte leo, go háirithe daoine a mbeadh íomhánna ó cheamara deaise acu.
Tá 125 duine maraithe i dtionóiscí bóthair sa Stát ó thús na bliana, i gcomparáid le 119 san achar céanna anuraidh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ