D'fhógair an Teachta Dála de chuid Fine Gael, Joe Carey, inniu nach mbeidh sé san iomaíocht dá shuíochán Dála i gCo. an Chláir sa chéad olltoghchán eile.
Fágann an fógra seo anois go mbeidh 16 TD de chuid Fhine Gael nach mbeidh san iomaíocht dá suíocháin arís.
Ar bhonn chomhairle leighis atá an cinneadh seo á dhéanamh aige a dúirt sé ina ráiteas ar maidin.
Tá Joe Carey, atá 49 mbliana d'aois, ar shaoire tinnis ó Mhárta 2023 agus dúirt sé inniu go mbeidh sé ag dul i ngleic leis an tinneas atá air don chuid eile dá shaol.
Ní raibh aon fhonn air scor den obair, a dúirt sé, agus bhí sé ag fágáíl na polaitíochta de bhun chomhairle leighis.
A dheirfiúr Leonora a lorgóidh ainmniúcháin an pháirtí le dul in iomaíocht i dtoghcheantar an Chláir ar son Fhine Gael sa chéad olltoghchán eile
23 bhiana d'aois a bhí Joe Carey nuair a toghadh den chéad uair é i 1999 mar chomhairleoir contae sa Chlár.
Ocht mbliana ina dhiaidh sin i 1997 a toghadh chun na Dála é agus d'éirigh leis an suíochán a choinneáil arís i 2011, 2016 agus i 2020.
Ina fhógra ar maidin, ghaibh Joe Carey buíochas le pobal an toghcheantair a chuir chun an Chomahairle Contae agus chun na Dála é, agus dúirt gur pribhléid a bhí ann freastal orthu ar feach 25 bhliana aree fad.
Crann taca phobal an Chláir a thug an Taoiseach Simon Harris ar Joe Carey agus dúirt ar X gur thuig gach duine sa pháirtí go raibh an ceart aige tús áite a thabhairt dá shláinte.
Ciallaíonn cinneadh Joe Carey inniu nach mbeidh 16 as na 35 TD a toghadh ar son Fhine Gael i 2020 san iomaíocht sa chéad olltoghchán eile.
Is iad na 15 TD eile: Leo Varadkar, Simon Coveney, John Paul Phelan, David Stanton, Joe McHugh, Richard Bruton, Eoghan Murphy, Josepha Madigan, Ciarán Cannon, Brendan Griffin, Charlie Flanagan, Fergus O'Dowd, Paul Kehoe, Michael Creed agus Michael Ring.
Lena chois sin tá 11 TD reatha eile as na 160 a toghadh i 2020 nach mbeidh san iomaíocht arís.