Tá sé fógartha ag RTÉ go bhfuil Stiúrthóir Ábhar na heagraíochta, Jim Jennings, le dul ar scor ón eagraíocht ag deireadh na míosa seo.
I ríomhphost a chuir sé chuig an bhfoireann, dúirt Príomh-Stiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst, gur thángthas ar chomhréiteach faoi théarmaí scoir Jim Jennings le tacaíocht ón gCoimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre.
Ghabh Kevin Bakhurst buíochas le Jim Jennings as an méid a rinne sé ar son RTÉ ó tháinig sé isteach san eagraíocht i 1985.
Dhearbhaigh urlabhraí ó RTÉ ina dhiaidh sin go bhfuil clásal rúndachta sa chomhréiteach scoir agus nach féidir na téarmaí a nochtadh.
Bhí Jim Jennings ina bhall de bhord feidhmiúcháin go dtí anuraidh, tráth a tháinig an chonspóid faoi íocaíochtaí áirithe san eagraíocht chun solais.
Bhí sé ar saoire bhreoiteachta ó shin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ