skip to main content

Fógraí buí aimsire eisithe roimh theacht Lilian

Tuilte tuartha cois cósta anocht
Tuilte tuartha cois cósta anocht

Tá fógraí buí aimsire eisithe ag Met Éireann maidir leis an stoirm atá geallta sa chuid is mó den tír anocht. Lilian atá baiste ag na meitéareolaithe ar an stoirm.

Beidh feidhm le fógra buí báistí in ocht gcontae idir 10 a chlog anocht agus 4 a chlog ar maidin amárach.

An Clár, Gaillimh, Ros Comáin, an Longfort, an Iarmhí, Uíbh Fhailí, an Mhí agus Lú na contaetha atá i gceist agus deirtear go mbeidh tuilte sna háiteanna sin agus go bhfágfar bóithre faoi uisce dá mbíthin.

Beidh feidhm le fógra buí gaoithe idir an meán oíche agus 6 a chlog ar maidin amárach i gCúige Mumhan agus i seacht gcontae i gCúige Laighean.

Loch Garman, Cill Mhantáin, Ceatharlach, Cill Chainnigh, Laois, Cill Dara agus Baile Átha Cliath na contaetha i gCúige Laighean atá i gceist.

Is gaoth láidir aneas nó aniar aneas a shéidfeas sna háiteanna sin ar dtús agus athróidh sí siar nó siar ó thuaidh ina dhiaidh sin.

Beidh tuilte ann, go háirithe cois cósta san áit a mbeidh lán mara.

Deir Met Éireann freisin go mb'fhéidir go leagfaí crainn agus go ngearrfaí an chumhacht in áiteanna de bharr an ghála.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ