skip to main content

Bás fir i nDroichead Átha á fhiosrú ag na Gardaí

Stáisiún Gardaí Dhroichead Átha
Stáisiún Gardaí Dhroichead Átha

Tá fiosrúchán ar bun ag na Gardaí faoi bhás fir a bhfuarthas a chorp i nDroichead Átha i gCo Lú.

Fuarthas corp an fhir i gceantar na nGlaschnoc ar an mbaile ag thart ar 9 a chlog aréir.

Tuigtear gur sna tríochaidí a bhí an fear.

Tá an áit a bhfuarthas an corp caomhnaithe ag na Gardaí agus tá fios curtha acu ar an bPaiteolaí Stáit agus ar an gcróinéir áitiúil.

Deir na Gardaí go dtabharfaidh siad faoina bhfiosrúchán de réir a bhfaighfear amach ón scrúdú iarbháis.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ