Tugadh os comhair na Ard-Chúirte inniu fear 61 bliain d'aois a ghabh na Gardaí inné de bhun barántais ghabhála a d'eisigh na húdaráis sa Tuaisceart ina leith.
Tá na póilíní ó thuaidh ag iarraidh go n-eiseachadfaí Martin McCauley lena cheistiú faoi ionsaí buamála in aice leis an Lorgain i gCo Ard Mhacha i 1982 inar maraíodh tríúr póílíní ón RUC, Seán Quinn, Paul Hamilton agus Allan McCloy.
Is as an Lorgain ó dhúchas Martin McCauley ach tá sé ina chónaí sa Nás i gCo Chill Dara.
Dúirt Garda sinsearach san Ard-Chúirt inniu go bhfuair na póilíní fianaise úr fhóiréinseach ar láthair an ionsaithe sa Lorgain nuair a thosaigh siad ag fiosrú an cháis as an nua in 2019.
Thug aturnae Martin McCauley le fios gur mhian leis iarratas ar bhannaí a dhéanamh agus dúirt chomh maith go raibh sé curtha in iúl ag a chliant do na húdaráis cheana go mbeadh sé sásta Ardchonstábla na bpóilíní ó thuaidh é a chur faoi agallamh.
Cuireadh Martin McCauley siar faoi choinneáil go dtí go n-éistfear an cás eiseachadta Dé Céadaoin seo chugainn.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ