skip to main content

Fear óg as Éirinn ar iarraidh san Úcráin

Píolóta drón ab ea Alex Ryzhuk
Píolóta drón ab ea Alex Ryzhuk

Tá fear óg as Éirinn a bhí ag troid in aghaidh na Rúiseach in oirthear na hÚcráine ar iarraidh agus glactar leis go bhfuil sé marbh.

Sin é Alex Ryzhuk, a bhí 20 bliain d'aois, agus a liostáil in Arm na hÚcráine dá dheoin féin anuraidh.

Píolóta drón a bhí ann agus bhí sé ar dualgas i mbrollach an chatha.

Tuigtear go bhfuil sé ar iarraidh le roinnt seachtainí agus tá sé deimhnithe ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha go bhfuil eolas faighte acu i dtaobh an scéil.

Rugadh Alex Ryzhuk i mBaile Átha Cliath agus tógadh é i gceantar Ráth Maonais i ndeisceart na cathrach. Is de bhunadh na hÚcráine a mhuintir.

I Scoil na mBráithre Críostaí, Sráid Synge a fuair sé scolaíocht.

Chuir an scannánóir Finn Boylan agallamh ar Alex Ryzhuk san Úcráin le gairid agus craoladh an t-agallamh ar Prime Time ar RTÉ ar an 8 Lúnasa.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ