skip to main content

Vhi le táillí árachais sláinte a ardú 3.5% ón 1 Deireadh Fómhair

I dtús mhí Dheireadh Fómhair a ardós Vhi a dtáillí árachais tuilleadh
I dtús mhí Dheireadh Fómhair a ardós Vhi a dtáillí árachais tuilleadh

Tá an comhlacht árachais sláinte Vhi lena dtáillí a ardú 3.5% ar an meán ó thús mhí Dheireadh Fómhair.

Maíonn an comhlacht go bhfuil an t-ardú ar tháillí ag teastáil mar gheall ar an ardú atá tagtha ar an líon éileamh agus ar na costais a bhaineann leis na héilimh sin.

Deir siad go deimhin go bhfuil ardú 14% tagtha ar na costais a bhaineann le héilimh ó ospidéil phríobháideacha sa chéad dá ráithe den bhliain, i gcomparáid leis an achar céanna anuraidh.

Tá a dtáillí ardaithe ag Vhi cheana féin i mbliana. Chuir siad 7% leo i mí an Mhárta.

Os a choinne sin, tá Vhi leis na táillí a ghearrann siad ar scéimeanna áirithe leanaí a ísliú 25% ó thús Dheireadh Fómhair.

Ina cheann sin, roinnt sochar nach raibh ag dul le scéimeanna áirithe roimhe seo, tá siad le cur leo feasta.

An tseachtain seo caite, d'fhógair an comhlacht árachais sláinte Laya go raibh siad féin lena dtáillí a ardú 6.5% ar an meán ó mhí Dheireadh Fomhair.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ