Tá leathchéad Palaistíneach ar a laghad maraithe ag buamaí na nIosraelach in Gaza ó inné, dar le húdaráis sláinte na hiamhchríche.
Mhaígh na hIosraelaigh gur scaoil a gcuid scairdeitleán diúracáin le 30 ionad in Gaza agus dúirt go raibh tolláin, pointe faire agus ionad láinseála roicéad ina measc.
Ina cheann sin, thug na hIosraelaigh le fios gur mharaigh siad na dosaein comhraiceoirí Palaistíneacha agus gur thóg siad raidhfilí, ábhar pléascach agus gránáidí.
D'ordaigh na hIosraelaigh freisin do shibhialtaigh imeacht as ceantar Deir Al-Balah i lár Gaza, áit a bhfuil na mílte daoine – teifigh ina measc – ina gcónaí i mullach a chéile.
Go gairid i ndiaidh dóibh an t-ordú a eisiúint, scaoil tancanna na nIosraelach sliogáin leis an gceantar.
Bhí Rúnaí Stáit Mheiriceá Antony Blinken sa Mheánoirthear le cúpla lá agus súil aige cur ina luí ar gach dream atá bainteach leis an gcogadh in Gaza sos comhraic a chur i bhfeidhm.
Bhí comhráite aige le Príomh-Aire Iosrael, le hUachtarán na hÉigpite agus le ceannaire Chatar ach tá sé ar a bhealach abhaile anois agus a dhá láimh chomh fada le chéile.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ