Tuairiscítear gur scaoil fórsaí míleata na hÚcráine mórshailbhe drón le príomhchathair na Rúise, Moscó, i gcaitheamh na hoíche.
Dar le Méara Mhoscó Sergei Sobyanin go raibh sé ar cheann de na hionsaithe drón ba mhó a rinne na hÚcránaigh ar an gcathair go dtí seo.
Thug sé le fios gur scrios fórsaí cosanta na Rúise deich gcinn de na dróin ar a laghad sular bhain siad an chathair amach.
Dúirt an méara freisin gur chosúil nár gortaíodh aon duine agus nach ndearnadh aon damáiste do mhaoin mar gheall ar an ionsaí.
Tá dróin scaoilte ag na hÚcránaigh le Moscó roimhe seo, tar éis gur annamh a bhaineann siad sprioc amach.
Ar a shon sin, i mí na Bealtaine anuraidh d'éirigh le dhá dhrón bearna a dhéanamh i línte aerchosanta na Rúise agus ballaí na Creimile féin a shárú.
Mhaígh na Rúisigh ag an am gur iarracht a bhí sa ruathar Uachtarán na Rúise Vladimir Putin a fheallmharú, siúd is nach raibh sé sa Chreimil ag an am.
Chomh maith leis an ionsaí is deireanaí ar Mhoscó, tuairiscítear go ndearna na hÚcránaigh ionsaithe drón ar roinnt áiteanna eile ar thaobh na Rúise den teorainn idir an dá thír i gcaitheamh na hoíche.
Dar le háisíneacht nuachta na Rúise gur scrios fórsaí cosanta na tíre ocht ndrón déag in Oblast Bryansk sula ndearnadh aon díobháil do dhaoine ná do mhaoin.
Tá na hÚcránaigh ag baint earraíocht as dróin mó sa mhó le cúpla mí agus iad ag féachaint le fórsaí na Rúise a chluicheadh in oirthear agus i dtuaisceart na hÚcráine, agus sa Rúis féin go deimhin.
Nuair a rinne na hÚcránaigh ionradh gan choinne ar Oblast Kursk in iardheisceart na Rúise coicís ó shin, dúradh gurbh iad na diúracáin a scaoileadh ó dhróin gan staonadh leis an namhaid a réitigh an bealach dóibh thar aon ní eile.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ