Tugadh fear os comhair cúirte i Machaire Fíolta i gCo Dhoire inniu agus é cúisithe i mbean 57 bliain d'aois a dhúnmharú ar an mbaile sin an deireadh seachtaine seo caite.
Sin é Andrzej Pajączkowski, 43 bliain, as Páirc Gharrán na Fuinseoige i Machaire Fíolta, a bhí faoi choinneáil i stáisiún póilíní Musgrave i mBéal Feirste agus a tugadh os comhair na cúirte ar nasc físe.
Tá sé curtha ina leith gur dhúnmharaigh sé Sophie Watson a bhfuarthas a corp ina teach cónaithe i bPáirc Gharrán na Fuinseoige tráthnóna Dé Domhnaigh.
Deir na póilíní gur sádh í roinnt uaireanta.
Dúradh sa chúírt inniu go raibh Andrzej Pajączkowski ina chónaí sa Tuaisceart le 20 bliain.
Tugadh le fios go raibh Béarla aige ach d'fhreagair sé ceisteanna an bhreithimh le cúnamh ó ateangaire Polainnise.
Dúirt aturnae an chúisí go ndúirt a chliant leis na póilíní go raibh sé "neamhchiontach" tar éis dóíbh é a chúiseamh sa dúnmharú.
Ní dhearnadh aon iarratas ar bhannaí agus cuireadh Andrzej Pajączkowski siar faoi choinneáil go dtí an 18 Meán Fómhair.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ