Tá fiosrúchán ar bun ag na Gardaí faoi ionsaí a rinneadh ar chailín dhá bhliain déag d'aois i dtuaisceart Chontae Chorcaí aréir.
Ionsaíodh an cailín i dteach i gceantar an Bhóthair Nua sa Ráth aréir.
Deir na Gardaí gur ionsaí gráiniúil a bhí ann.
Tugadh an cailín go dtí Ospidéal na hOllscoile i gCorcaigh ar an gcéad dul síos agus ina dhiaidh sin go dtí Ospidéal na Leanaí ar Shráid Temple i mBaile Átha Cliath.
Cé go bhfuil sí go dona tinn tá bail sheasmhach uirthi, a deirtear.
Deir na Gardaí go ndearnadh damáiste freisin don teach ina raibh an cailín agus d'fheithicil.
Tá scrúdú teicniúil déanta ag na Gardaí ar an áit ar ionsaíodh an cailín agus tá siad ag achainí ar aon duine a mbeadh eolas ábhartha acu teacht chun cainte leo.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ