skip to main content

Caint ar rátaí úis sa limistéar euro a ísliú tuilleadh

Ceannáras an Bhainc Ceannais Eorpaigh, Frankfurt
Ceannáras an Bhainc Ceannais Eorpaigh, Frankfurt

Dúirt gobharnóir Bhanc Ceannais na Fionlainne, Olli Rehn, go mb'fhéidir go gcaithfeadh an Banc Ceannais Eorpach rátaí úis a ísliú tuilleadh mar gheall ar a laige atá geilleagar na hEorpa faoi láthair.

D'ísligh an Banc Ceannais Eorpach rátaí úis i mí an Mheithimh ach ní dhearna sin an beart, de réir dealraimh.

Léiríonn na figiúirí is deireanaí go bhfuil olltáirgeacht intíre an limistéir euro ag laghdú agus go bhfuil ráta an bhoilscithe ag méadú.

Tá imní ar Olli Rehn go háirithe go mb'fhéidir nach bhfuil an lagtrá san earnáil déantúsaíochta chomh sealadach agus a ceapadh roimhe seo agus is cosúil go bhfuil sé den bharúil gur cheart rátaí úis a ísliú arís chun dul i ngleic leis sin.

Tá Olli Rehn ina bhall de Chomhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus tá sé féin agus an 25 ball eile le teacht le chéile arís ar an 12 Meán Fómhair leis an scéal a chíoradh.

Á mheas atáthar go socróidh siad sa chruinniú sin an príomhráta úis a ísliú ó 3.75% go dtí 3.5%.

Bhí an príomhráta úis chomh hard le 4% i dtús na bliana seo agus chomh híseal le 0% dhá bhliain ó shin.

Ba le dúil ráta ard an bhoilscithe a bhí sa limistéar euro a ísliú a thosaigh an Banc Ceannais Eorpach ag ardú rátaí úis dhá bhliain ó shin.

Bhí ráta an bhoilscithe chomh hard le 8.6% i samhradh 2022 agus theastaigh ón mBanc é a ísliú go dtí 2%.

D'éirigh le straitéis an Bhainc sa mhéid sin, a bheag nó a mhór, ós 2.5% atá i ráta an bhoilscithe faoi láthair.

Rogha an dá dhíogha atá idir rátaí úis agus ráta an bhoilscithe, áfach. De réir na teoirice, nuair a íslítear rátaí úis méadaíonn an t-éileamh ar chreidmheas; agus nuair a mhéadaíonn an t-éileamh ar chreidmheas géaraíonn ar ráta an bhoilscithe.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ