skip to main content

Cailín beag go dona tinn tar éis do bhulaí XL í a ionsaí

Cosc iomlán le cur ar an mbulaí XL sa Stát ón 1 Feabhra 2025
Cosc iomlán le cur ar an mbulaí XL sa Stát ón 1 Feabhra 2025

Tá cóir leighis á cur san ospidéal ar chailín beag bliain d'aois a gortaíodh go dona nuair a d'ionsaigh madra í i gCo Chiarraí tráthnóna Dé Sathairn seo caite.

Tá fiosrúchán ar bun ag na Gardaí faoin tubaiste a tharla i Leic Snámha i dtuaisceart Chiarraí.

Tuigtear gur bulaí XL an madra a bhí i gceist.

Básaíodh an madra i ndiaidh an ionsaithe.

Cros-phór atá sa bhulaí XL a bhfuil srianta ag baint leis sa Stát seo.

Tá rún ag an Rialtas tuilleadh srianta a chur air ón 1 Deireadh Fómhair agus cosc iomlán a chur air ón 1 Feabhra an chéad bhliain eile.

Tá cosc iomlán ar an mbulaí XL cheana féin sa Tuaisceart agus sa Bhreatain.

Tarraingíodh aird ar an gceist agus cuireadh alltacht ar dhaoine nuair a bhásaigh bean 23 bliain d'aois, Nicole Morey, tar éis do bhulaí XL í a ionsaí ina teach cónaithe i bhFeadamair i gCo Luimnigh dhá mhí ó shin.

I mí na Samhna 2022, bhain drochghortuithe do bhuachaill óg, Alejandro Mizsan, nuair a d'ionsaigh bulaí XL é agus é ag súgradh lena chairde i bpáirc in Inis Córthaidh i gCo Loch Garman.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ