I gCúirt Dúiche na Gaillimhe, cuireadh siar faoi choinneáil arís buachaill sé bliana déag d'aois atá cúisithe in ionsaí a dhéanamh ar shéiplíneach Dhún Uí Mhaoilíosa sa Rinn Mhór an tseachtain seo caite.
Ní féidir an buachaill a ainmniú de bharr gur mionaoiseach atá ann.
Sádh an tAthair Paul F Murphy roinnt uaireanta nuair a hionsaíodh é sa bheairic ag thart ar 10.45 oíche Déardaoin seo caite.
Nuair a tugadh an buachaill os comhair na cúirte ar an Satharn, dúradh gur creideadh gur tháinig sé faoi anáil an antoisceachais Ioslamaigh agus dúradh freisin go mb'fhéidir go gcuirfí cionta níos tromchúisí ina leith san am le teacht.
D'ordaigh an Breitheamh Gerard Furlong an lá sin an buachaill a chur siar faoi choinneáil agus seirbhísí meabhairshláinte a chur ar fáil dó.
Is ar nasc físe a tháinig an buachaill os comhair na cúirte inniu agus d'ordaigh an Breitheamh Furlong é a chur siar faoi chonneáil arís go dtí 2 Meán Fómhair, agus dúirt freisin gur faoin Ard-Chúirt a bheadh sé aon iarratas ar bhannaí a éisteacht.
Dúirt aturnae an chúisí, Jack Donohue, leis an mBreitheamh Furlong nár cuireadh seirbhísí meabhairshláinte ar fáil don bhuachaill in ainneoin ar ordaigh an breitheamh.
Ina fhianaise sin, rinne an breitheamh an t-ordú céanna inniu.
Tá an buachaill á choinneáil sa Champas Coinneála do Dhaoine Óga i mBaile an Oibricigh i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath.
Bhí a thuismitheoirí sa chúirt inniu.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ