Tá na Gardaí ag fiosrú an raibh aon bhaint ag an ionsaí a rinneadh ar shéiplíneach airm ag Dún Uí Mhaoilíosa aréir le sceimhlitheoireacht.
Tá déagóir gafa maidir leis an eachtra in oirthear na Gaillimhe, inar gortaíodh séiplíneach airm ar a bhealach isteach go dtí Dún Uí Mhaoilíosa. Sádh an séiplíneach, atá sna caogaidí, le linn an ionsaithe, a tharla ag 10:45pm. Tugadh é go dtí Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh. Baineadh gortuithe tromchúiseacha dó, ach tuigtear nach bhfuil sé i mbaol báis.
I ráiteas ar Facebook inniu, ghabh an séiplíneach buíochas leis an bpobal as a bpaidreacha ar fad agus thug sé le fios go raibh obráid le déanamh air.
Chuir na fórsaí cosanta stop leis an ionsaí réir agus d'éirigh leo an déagóir a choimeád faoi smacht go dtí gur tháinig na Gardaí.
Tá sé á choimeád ag stáisiún de chuid na nGardaí in iarthuaisceart na tíre.
I ráiteas, thug na Fórsaí Cosanta le fios gur scaoileadh urchair le linn na heachtra. Ach gur chloígh na hoifigigh a bhí ar dualgas i gcónaí leis na prótacail atá ag Óglaigh na hÉireann i gcás ionsaí a bheith á dhéanamh ag sibhialtach ar bhall de na Fórsaí Cosanta.
Tá an láthair ag Dún Uí Mhaoilíosa cosanta ag na Gardaí agus tá scrúdaithe teicniúla le déanamh uirthi.