Sna Stáit Aontaithe, is é Gobharnóir Minnesota Tim Walz atá roghnaithe ag iarrthóir uachtaránachta an Pháirtí Dhaonlathaigh Kamala Harris le bheith ina leasuachtarán aici, má thoghfar í i mí na Samhna.
Dúirt Tim Walz gur mór an onóir leis Kamala Harris é a roghnú mar chomhpháirtí agus thug le fios go raibh sé meáite ar an toghchán a bhuachan.
Tá Tim Walz 60 bliain d'aois – gan é ach tuairim is sé mhí níos sine ná Kamala Harris – agus tá sé ina chónaí i gcathair St Paul, mar ar lonnaigh Gaeil go leor san am a caitheadh, go háirithe muintir Chonamara.
Deirtear gur líofa an t-óráidí é agus bhí daoine áirithe an-tógtha leis an gcáineadh a rinne sé le deireanas ar Donald Trump agus ar a chomhiarrthóir siúd JD Vance.
Tá Kamala Harris agus Tim Walz le camchuairt a thabhairt in éindí as seo go ceann cúig lá ar roinnt stát ina bhfuil na Daonlathaithe agus na Poblachtaigh gob ar ghob faoi láthair.
Tá Kamala Harris ag cruthú go maith sna pobalbhreitheanna – níos fearr ná Joe Biden ar aon chor – ó fógraíodh ar an 21 Iúil go raibh sí le bheith ina hiarrthóir.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ