skip to main content

946 duine taifeadta ag tiomáint go róghasta ó Déardaoin seo caite

Taifeadadh duine ag tiomáint ag 105 ciliméadar san uair i gceantar 50 ciliméadar i nGaillimh
Taifeadadh duine ag tiomáint ag 105 ciliméadar san uair i gceantar 50 ciliméadar i nGaillimh

Thaifead na Gardaí 946 duine ag tiomáint go róghasta ar bhóithre an Stáit go trásta an deireadh saoire bainc seo, 169 acu le ceithre huaire fichead.

Cuir i gcás, taifeadadh duine ag tiomáint ag 105 ciliméadar san uair i gceantar 50 ciliméadar i mBóthar na Trá i nGaillimh.

I nDroichead Átha i gCo Lú, taifeadadh duine ag tiomáint ag 91ciliméadar san uair i gceantar 60 ciliméadar, agus bhí luas 134 ciliméadar san uair faoi thiománaí eile i gceantar 100 ciliméadar ar mhótarbhealach an M7 i mBaile na Mná Maithe in aice leis an Nás i gCo Chill Dara.

Ina cheann sin, gabhadh 127 duine mar gheall ar amhras a bheith ar na Gardaí go raibh siad ag tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí.

Cuireadh tús le feachtas sábháilteachta an deireadh seachtaine saoire seo ag 7 a chlog ar maidin Déardaoin seo caite.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ