Tionólfar cruinniú éigeandála de ranna éagsúla rialtais agus d'áisíneachtaí éagsúla stáit sa Bhreatain inniu leis na círéibeacha a bhí in áiteanna éagsúla i Sasana le seachtain a phlé agus le beartais chun dul i ngleic leo a shocrú.
Dúirt Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer gur "bithiúnaigh ón eite dheis" a bhí freagrach as an bhforéigean agus dúirt go mbeadh a aithreachas orthu. Gheall sé go deimhin go gcuirfí an dlí ar na círéibigh go héadrócaireach.
Chomh maith leis an bPríomh-Aire, beidh airí rialtais agus póilíní sinsearacha páirteach sa chruinniú inniu.
Meastar go dtabharfaidh siad isteach ar bhonn práinne beartais nua le moscanna agus le ionaid chónaithe d'inimircigh go háirithe a chosaint ar an ngráscar.
Ionsaíodh mosc i mbaile Middlesbrough in oirthuaisceart Shasana aréir agus briseadh fuinneoga in óstán ina bhfuil inimircigh ag cur fúthu i mbaile Rotherham in Yorkshire Theas.
In Middlesbrough, briseadh fuinneoga tithe agus rinneadh loitiméireacht ar ghluaisteáin in aice leis an mosc.
Ionsaiodh teach cúirte agus ollscoil an bhaile freisin. Ghabh na póilíní 43 duine le linn na gcaismirtí.
Gortaíodh deichniúr póilíní ar a laghad nuair a d'ionsaigh círéibigh iad in Rotherham.
Ionsaíodh óstán eile ina bhfuil inimircigh ina gcónaí in Tamworth in aice le Birmingham i lár Shasana, agus lasadh tinte agus caitheadh buidéil agus clocha leis na póilíní ansin.
Bhí círéibeacha chomh maith i mbaile Bolton in aice le Manchain. Bhí caismirtí freisin i mBéal Feirste arú inné.
Tá an mí-ord ag eascairt as marú thriúr cailíní óga i mbaile Southport Dé Luain seo caite.
Tá sé á chur i leith antoiscigh ón eite dheis, áfach, gur ag éileamh cúise atá siad agus gur ócáid acu an t-uafás in Southport le dul i mbun foréigin agus le daoine eile a ghríosú.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ