skip to main content

Rothaí maraithe i dtimpiste bothair i mBaile Átha Cliath

Ar Bhóthar Thigh an Chnoic i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath a bhí an timpiste
Ar Bhóthar Thigh an Chnoic i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath a bhí an timpiste

Maraíodh rothaí – fear sna seascaidí – mar gheall ar thimpiste bóthair a bhí i dTigh an Chnoic i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath inné.

Deir na Gardaí gur bhuail rothar an fhir agus feithicil faoina chéile ar Bhóthar Thigh an Chnoic ag thart ar 2 a chlog tráthnóna inné.

Gortaíodh an fear go dona agus tugadh é chuig Ospidéal Naomh Uinseann, áit ar éag sé níos deireanaí.

Rinne na Gardaí scúdú teicniúil ar láthair na timpiste tráthnóna inné agus tá an bóthar oscailte arís ó shin acu.

Aon duine a chonaic an timpiste nó daoine a bhí ag tiomáint sa cheantar ag an am, tá na Gardaí ag achainí orthu teacht chun cainte leo i stáisiún na Carraige Duibhe, go háirithe daoine a mbeadh íomhánna ó cheamara deaise acu.

Fágann an tubaiste is deireanaí gur 115 duine atá maraithe i dtimpistí bóthair sa Stát ó thús na bliana, i gcomparáid le 103 san achar céanna anuraidh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ