skip to main content

Naonar marbh i ruathair ar an Bhruach Thiar

Scrios déanta ar an Bhruach Thiar
Scrios déanta ar an Bhruach Thiar

Naonar atá maraithe a bhuíochas do 2 ruathar aeir atá tugtha ag eitleáin chogaidh le Iosrael ar an mBruach Thiar.

Deirtear go bhfuil ceannasaí le Hamas i measc na marbh ansin.

Tháinig an chéad ionsaí lámh le baile Tulkarem nuair a scaoileadh le feithiceal ansin.

Deir Iosrael gur mílisteoirí a bhí sa bhfeithiceal a bhí ag beartú ionsaí a dhéanamh.

Uaireanta a chloig ina dhiaidh sin a tharla an dara hionsaí sa réigiún céanna, ceann eile ar fheithiceal.

Deirtear gur maraíodh ceathrar fear san ionsaí sin.

I Stráice Gaza tá deichniúr ar a laghad maraithe i ruathar a thug fórsaí Iosrael ar scoil ina raibh Pailistínigh ag cur fúthu nach raibh aon dídean acu.

Tá imní mhór léirithe le tamall go bhféadfadh an chogaíocht seo, a thosaigh i mí Dheireadh Fómhair seo caite le hionradh Iosrael ar Gaza scaipeadh go tréan anois ar fud an Mheánoirthir.

Tá rialtais na Stát Aontaithe agus na Ríochta Aontaithe ag moladh dá gcuid saoránach an Liobáin a fhágáil de bharr an teannais mhóir ansin.