skip to main content

Foiréigean ag treisiú i mBéal Feirste

Léirsiú i mBéal Feirste
Léirsiú i mBéal Feirste

Tá 2 ghrúpa agóidíochta i mBéal Feirste ag tabhairt aghaidh ar a chéile ansin tráthnóna agus póilíní ar a ndícheall ag iarraidh chinntiú nach dtéann cúrsaí ó smacht.

Tá na póilíní ansin feistithe don chíréib ag iarraidh an 2 ghrúpa a choinneáil ó chéile sa cheantar in aice le Halla na Cathrach

Tuairiscítear go bhfuil maslaí á dtabhairt, tinte ealaíona i measc nithe eile á gcaitheamh ag an dá dhream le chéile.

Póilíní ag dul i ngleic le léirsitheoirí i mBéal Feirste

Grúpa a mhaíonn go bhfuil siad in aghaidh an chiníochais agus grúpa eile atá ag iarraidh cosc a chur ar inimircigh atá ag feannadh na trioblóide a deirtear.

Tá fuath don phobal Ioslamach á léiriú ag léirsitheoirí freisin agus deirtear go bhfuil roinnt daoine tagtha ó Bhaile Átha Cliath agus iad ag léiriú tacaiochta don fheachtas frith-Ioslamach sa Chúlóg.

Go dtí seo tá ar a laghad duine amháin gafa ag an PSNI.

Deirtear go bhfuil damáiste déanta do roinnt foirgneamh ansin.

Dúnadh roinnt bóithre isteach go Béal Feirste tráthnóna.

Scliúchais i Leeds i Sasana

Tá póilíní ar a n-airdeall i gceantair eile i dTuaisceart Éireann tráthnóna agus an baol ann go scaipfidh eachtraí foiréigin chuig réigiúin eile.

Tá an chorraíol seo ar fad ag eascairt as marú thriúr chailíní óga i Southport i Sasana Dé Luain seo caite.

Círéibeacha agus trioblóid aréir i Sunderland

Ar fud na Ríochta Aontaithe ar fad tá póilíní ag fáil faoi réir do thuilleadh foiréigin agus círéibeacha.

I gcathair Sunderland i Sasana aréir gabhadh deichniúr agus fágadh ceathrar póilíní san ospidéal a bhuíochas do na léirsithe ansin.