Tá fear sna tríochaidí á cheistiú i gcónaí ag na gardaí maidir le bás mná i gCo.Chorcaí inné.
Tá sí ainmnithe go háitiúil anois mar Daena Walsh.
Fuarthas í in árasán lámh leis an bpríomh shráid i Mainistir na Corann go gairid tar éis a 4 a'chlog tráthnóna inné.
Ba léir go raibh droch-ghortuithe faighte aici agus cailleadh í go gairid ina dhiaidh sin.
Tá na gardaí ag iarraidh ar aon duine a mbeadh eolas aige maidir lenar tharla dul i dteagmháil leo.