Tá fear tugtha os comhair na cúirte agus é cúisithe maidir le damáiste choiriúil a rinneadh ar roinnt foirgneamh Stáit inné.
Tugadh David O'Callaghan (40) a bhfuil seoladh aige i mBré,Co.Chill Mhantáin os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath.
Cuireadh 5 chúis ina leith bainteach le damáiste choiriúil a dhéanamh de roinnt foirgneamh i mBaile Átha Cliath inné.
Rinneadh damáiste do gheataí Thithe an Rialtais, Oifig an Ard-Aighne,Teach Laighean, Áras an Uachtaráin agus Teach an Chustaim sna sraith eachtraí a tharla go moch ar maidin.
Gabhadh an fear i lár na cathrach níos deireanaí.
Tógadh freisin an veain bhán a meastar a úsáideadh le tabhairt faoina foirgnimh.
Níor gortaíodh aon duine le linn na n-eachtraí seo.
Tá míreanna ar na meáin shóisialta chomh maith le físeáin CCTV á scrúdú ag na gardaí mar chuid dá gcuid fiosraithe.
Tá scrúduithe teicniúla á ndéanamh ar na láithreacha éagsúla freisin a buaileadh.
Measann na gardaí nach raibh aon bhaint ag aon ghrúpa sceimhlitheoireachta leis na heachtraí ach tá siad fós ag iarraidh a dhéanamh amach céard a spreag iad.
Cuireadh Daniel O'Callaghan siar faoi choinneáil.
Tiocfaidh sé os comhair Chúirt Dúiche Chnoc na Seamar ar an 8 Lúnasa.