skip to main content

Téarma príosúin ar fionraí gearrtha ar Conor McGregor faoi chionta tiomána

Conor McGregor taobh amuigh de Chúirt Dúiche Bhaile Bhlainséir inniu
Conor McGregor taobh amuigh de Chúirt Dúiche Bhaile Bhlainséir inniu

I gCúirt Dúiche Bhaile Bhlainséir i mBaile Átha Cliath, gearradh téarma príosúin cúig mhí ar fionraí ar an gcomhraiceoir ealaíon measctha Conor McGregor faoi chionta tiomána.

Gearradh fíneáil €5,000 air chomh maith agus cuireadh cosc air tiomáint arís go ceann dhá bhliain.

Dúirt an Breitheamh David McHugh go raibh iompar Conor McGregor "uafásach".

Phléadáil an comhraiceoir cáiliúil ciontach i dtiomáint chontúirteach agus i dtiomáint neamh-aireach ar an 22 Márta 2022.

Dúradh sa chúirt nár stop Conor McGregor ag solas dearg ar Bhóthar Leamhcáin idir Cill Dara agus Baile Átha Cliath, gur bhog sé anonn is anall idir charranna eile faoi ardluas agus gur bheag nár bhuail sé ceann de na carranna sin.

Tá Conor McGregor 36 bliain d'aois agus tá sé ina chónaí i nDíseart Iollan, Teach Srafáin, i gCo Chill Dara.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ