skip to main content

'Intel leis na mílte fostaithe a ligean chun siúil' – tuairisc

Tá 4,900 duine fostaithe ag Intel in Éirinn
Tá 4,900 duine fostaithe ag Intel in Éirinn

Tá sé á thuairisciú ag an ngníomhaireacht nuachta Bloomberg go bhfuil Intel ag beartú na mílte fostaithe a ligean chun siúil ar fud an domhain.

Deirtear gur le dúil oibríochtaí Intel a mhaoinú as an nua agus cuid den mhargadh atá caillte ag an gcomhlacht a fháil ar ais atá na ciorruithe le déanamh.

Déantúsaíocht sliseanna ríomhaireachta príomhghnó Intel agus tá 4,900 duine fostaithe ag an gcomhlacht sa tír seo.

Thug urlabhraí ó Intel in Éirinn le fios, áfach, nach raibh dada le rá ag an gcomhlacht faoin scéal faoi láthair.

Tá géariomaíocht sa mhargadh sliseanna i láthair na huaire agus tá luach stoc an chomhlachta tite 40% ó thús na bliana.

Deirtear go bhfuil comhlachtaí eile chun tosaigh ar Intel maidir le sliseanna d'fheidhmchláir intleachta saorga.

Ina fhianaise sin, tuigtear gur mian leis an bpríomhfheidhmeannach Pat Gelsinger cumas déantúsaíochta Intel a fheabhsú go mór, sliseanna a dhéanamh do chomhlachtaí eile agus margaí nua a aimsiú.

Tuigtear chomh maith go bhfuil Rialtas na Stát Aontaithe ag iarraidh cuidiú le comhlachtaí Meiriceánacha fearacht Intel agus iad ag dul san iomaíocht le comhlachtaí ó thíortha eile, an Téaváin go háirithe.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ