Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil i gCorcaigh, gearradh ceithre bliana príosúin an duine ar bheirt fhear óga a ciontaíodh i ndúnorgain fir 29 bliain d'aois i gCarraig Uí Leighin i gCo Chorcaí.
Sin iad Ricardo Hoey, 21 bliain, agus Jordan Deasy, 20 bliain, a ciontaíodh ceithre mhí ó shin i ndúnorgain Matt O'Neill a ndearnadh ionsaí brúidiúil air in Eastát Choill an Ghleanna i gCarraig Uí Leighin ar an 28 Nollaig 2022.
Fuair Matt O'Neill bás in Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh, aon lá dhéag i ndiaidh an ionsaithe.
Is i ndúnmharú a bhí Ricardo Hoey agus Jordan Deasy cúisithe ach tar éis don ghiúiré beagnach naoi n-uaire an chloig déag a chaitheamh i mbun a machnaimh ar an gcás, is i ndúnorgain a ciontaíodh an dís.
Dúradh sa triail go ndeachaigh Ricardo Hoey i láthair na nGardaí dá dheoin féin uair an chloig i ndiaidh an ionsaithe agus gur gabhadh Jordan Deasy in árasán i mBun an Tábhairne i gCo Chorcaí trí lá ina dhiaidh.
Seacht mbliana príosúin a ghearr an Siobhán Lankford ar an mbeirt ógfhear inniu ach chuir sí na trí bliana dheireanacha ar fionraí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ