Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, gearradh deich mbliana príosúin ar an iarchóitseálaí snámha Derry O'Rourke faoi chailín sna déaga a éigniú agus faoi ionsaithe gnéasacha a dhéanamh uirthi i 1989 agus i 1990.
Tar éis gur phléadáil sé neamhchiontach, chiontaigh an giúiré sna cúiseanna d'aon ghuth é coicís ó shin.
Tá an t-íospartach 48 bliain d'aois anois agus dúirt sí i dtriail Derry O'Rourke, atá 78 bliain, gur athraigh sé a saol chun donais nuair a d'ionsaigh sé í agus nach bhféadfadh dada an scéal a fheabhsú anois.
Mhol an Breitheamh Melanie Greally an bhean as aghaidh a thabhairt "le misneach agus le dínit" ar an gciontóir sa chúirt.
Gearradh ceithre bliana príosúin ar Derry O'Rourke sa bhliain 2000 faoi ionsaithe gnéasacha agus mígheanasacha a dhéanamh ar sheisear cailíní idir 1970 agus 1992 nuair a bhí sé á gcoitseáil.
In 2005, gearradh deich mbliana príosúin air faoi chailín eile a éigniú agus faoi ionsaithe mígheanasacha a dhéanamh uirthi idir 1975 agus 1978.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ