Tá cigirí ón Aonad um Imscrúdú Aerthionóiscí le tuilleadh scrúduithe a dhéanamh inniu ar láthair na tubaiste héileacaptair a tharla i gCo na hIarmhí inné inar maraíodh beirt fhear sna daichidí.
Thuairteáil an héileacaptar go tobann agus bhuail sí scioból i gCill Liúcainne cúig chiliméadar déag soir ón Muileann gCearr ag thart ar 3.30 tráthnóna inné.
Éireannach a bhí i nduine den bheirt a maraíodh agus ba de bhunadh oirthear na hEorpa an duine eile.
Tugadh a gcoirp chuig an ospidéal sa Mhuileann gCearr inné agus tá scrúduithe iarbháis le déanamh orthu inniu.
Dúirt sagart paróiste Chill Liúcainne, an tAthair Stan Deegan, go ndéarfaí paidreacha ar son na beirte agus ar son a dteaghlach ag Aifrinn sa cheantar ar maidin inniu.
Tá an héileacaptar le tabhairt chuig ionad speisialta i mBaile Mhic Gormáin i gCo na Mí níos deireanaí inniu, mar a ndéanfar mionscrúdú teicniúil uirthi.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ