Gortaíodh ochtar póilíní go dona le linn círéibeacha a bhí i mbaile Southport in iarthuaisceart Shasana tráthnóna inné.
40 póilín san iomlán a gortaíodh de bharr an fhoréigin agus b'éigean cóir leighis a chur ar 27 díobh san ospidéal.
Chomh maith leis sin, lasadh gluaisteáin agus araidí rothaí, rinneadh loitiméireacht ar shiopa beag agus caitheadh brící le mosc áitiúil.
Deir na póilíní gur baill den ghrúpa antoisceach, an English Defence League, a bhí freagrach as an bhforéigean.
Roimh na caismirtí, ghlac na céadta daoine páirt i mbigil shíochánta in Southport ar son na bpáístí a maraíodh agus gortaíodh in ionsaí scine i lár an bhaile arú inné.
Dúirt Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer gur ag iarraidh buntáiste dá gcuid féin a bhaint as an uafás sin a bhí lucht an fhoréigin.
Maraíodh triúr páistí agus gortaíodh deichniúr eile san ionsaí scine.
Is iad an triúr a maraíodh Bebe King, sé bliana, Elsie Dot Stancombe, seacht mbliana, agus Alice Dasilva Aguiar, a bhí naoi mbliana.
As an deichniúr a gortaíodh, tá cúigear páistí agus beirt daoine fásta an-dona tinn.
Tá ógánach seacht mbliana déag fós á cheistiú ag na póilíní Shasana faoin ionsaí.
Deir na póilíní cé nach ionsaí sceimhlitheoireachta a bhí ann nach léir dóibh fós cad go baileach ba chionsiocair leis.
Nuacht agus Cursaí Reatha RTÉ