Tá an t-achomharc a rinne Graham Dwyer in aghaidh a chiontaithe i ndúnmharú Elaine O'Hara diúltaithe ag an gCúirt Uachtarach.
Rialaigh breithiúna na cúirte d'aon ghuth ar maidin inniu go raibh cead ag an ionchúiseamh leas a bhaint as sonraí theileafón póca Graham Dwyer ina thriail naoi mbliana ó shin.
Éisteadh an cás tar éis don chúirt a rialú go raibh ceisteanna tábhachtacha ó thaobh leas an phobail de ag baint leis.
Ar a shon sin, tagann an rialú a fógraíodh inniu leis an rialú a rinne an Chúirt Achomharc sa chás anuraidh agus níl aon deis eile achomhairc fanta ag Graham Dwyer anois.
In 2015, ciontaíodh Graham Dwyer, atá 51 bliain d'aois, i ndúnmharu Elaine O'Hara in 2012.
36 bliain a bhí Elaine O'Hara agus bhí sí ar iarraidh ar feadh bliana sula bhfuarthas a cnámhiarsmaí i Sléibhte Bhaile Átha Cliath i mí Mheán Fómhair 2013.
Bhí cuid mhór de chás an Stáit in aghaidh Graham Dwyer bunaithe ar shonraí a theileafóin phóca.
Is san Ard-Chúirt i dtosach a thug sé dúshlán na reachtaíochta a cheadaigh do na húdaráis leas a bhaint as na sonraí sin agus rialaíodh ina fhabhar.
Rinne an Stát achomharc in aghaidh an rialaithe sin sa Chúirt Uachtarach, áfach, ach chuir an chúirt sin an cheist faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Rialaigh an chúirt sin i bhfabhar Graham Dwyer freisin.
Cé gur rialaigh an chúirt Eorpach nach raibh cead sonraí teileafóin phóca a choimeád agus coireacht á fiosrú de réir gnás, dheimhnigh na breithiúna go raibh eisceachtaí ann.
Ina cheann sin, rialaigh an Chúirt Uachtarach in Éirinn cheana gur féidir glacadh le fianaise áirithe, fiú má sháraíonn sé sin cearta an duine, fad is nach d'aon turas a sáraíodh iad.
Go deimhin, tógadh an cheist i gcás coirúil eile a tháing os comhair na Cúirte Uachtaraí an mhí seo caite.
Sa chás sin freisin, rialaigh an chúirt go raibh cead leas a bhaint as sonraí theileafón póca.
I ráiteas, dúirt teaghlach Elaine O'Hara gur mór an faoiseamh dóibh achomharc Graham Dwyer a bheith diúltaithe. Dúirt siad go raibh súil acu go raibh anam Elaine faoi shuaimhneas anois, ar deireadh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ