Tuairiscítear gur gortaiodh roinnt daoine i dtimpiste héileacaptair a bhí i gCo na hIarmhí tráthnóna inniu.
Deir daoine áitiúla gur thuairteáil an héileacaptar go tobann agus gur bhuail sí scioból i gCill Liúcainne sa chontae cúig chiliméadar déag ón Muileann gCearr ag thart ar 3.30.
Deirtear freisin go bhfuil láthair na timpiste taobh thiar de chlubtheach CLG an cheantair.
Chomh maith leis na seirbhisí éigeandála, tá buíon cigirí ón Aonad um Imscrúdú Aerthionóiscí ar an láthair.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ