Tuairiscítear gur maraíodh suas le 2,000 iasc – idir bhradáin, bhric rua agus loimprí – nuair a truaiilíodh cuid d'Abhainn Eachroma i gCo Chill Mhantáin an deireadh seachtaine seo caite.
Is i stráice trí chiliméadar den abhainn i mBaile Mhuiris Íochtarach, soir ó shráidbhaile Eachroma, a fuarthas na héisc mharbha.
Tá samplaí uisce ón abhainn á scrúdú ag saineolaithe ó Iascach Intíre Éireann le súil a fháil amach cad go baileach ba chúis lena mbás.
Déanfar monatóireacht agus measúnú ar an abhainn go ceann roinnt laethanta eile, a dúradh.
Iascach Intíre Éireann an ghníomhaireacht Stáit atá freagrach as gnáthóga fionnuisce na tíre a chosaint agus a chaomhnú.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ