Tá príosún saoil gearrtha ar chúigear fear a ciontaíodh sa Phríomh-Chúirt Choiriúil i bhfear 42 bliain d'aois a dhúnmharú i gCo Chiarraí beagnach dhá bhliain ó shin.
Maraíodh Thomas Dooley, a raibh seachtar clainne aige, nuair a thug buíon fear fogha faoi le reanna agus faobhair i reilig i dTrá Lí ar an 5 Deireadh Fómhair 2022.
Bhí Thomas Dooley agus a bhean chéile Siobhán ag freastal ar shochraid sa reilig ag an am. Gortaíodh Siobhán Dooley go dona san ionsaí.
Gaolta le Thomas Dooley is ea an cúigear a daoradh, deartháir leis ina measc.
Sin iad Patrick Dooley – an deartháir – atá 36 bliain d'aois; cleamhnaí leis, Thomas Dooley, 43 bliain; col ceathrair leis, Thomas Dooley eile, 21 bliain; agus beirt chol ceathracha eile leis, Michael Dooley 29 bliain agus Daniel Dooley, 42 bliain.
Chomh maith leis an téarma saoil, gearradh ceithre bliana go leith príosúin ar dhuine de na fir – Thomas Dooley is óige – faoi ionsaí a dhéanamh ar Shiobhán Dooley.
Dúradh i dtriail na bhfear gur ionsaí díoltais a bhí ann tar éis d'iníon le Thomas Dooley a bhí ag siúl amach le duine de na fir, tar éis di scaradh leis.
Dúirt an Breitheamh Mary Ellen Ring sa chúirt inniu gur ionsaí uafásach nár tuilleadh a rinneadh ar Thomas Dooley.
I ráiteas a léadh thar a ceann sa chúirt, dúirt Siobhán Dooley go bhfágfaidh ar tharla sa reilig an lá úd, go bhfágfaidh sé iarsma uirthi go brách.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ