skip to main content

Michael Ring ó Fhine Gael chun éirí as an bpolaitíocht

Michael Ring TD
Michael Ring TD

Tá sé fógartha ag Teachta Dála eile de chuid Fhine Gael, Michael Ring as Maigh Eo, nach mbeidh sé ag cur a ainm chun cinn sa chéad olltoghchán eile.

Tá Michael Ring 70 bliain d'aois agus tá sé ina Theachta Dála le 30 bliain. Bhí sé ina chomhairleoir áitiúil ar feadh cúig bliana déag roimhe sin.

Is i bhfothoghchán i 1994 a toghadh é chun na Dála den chéad uair, tráth a tháinig sé in áit Phádraig Flynn ó Fhianna Fáil tar éis dósan a bheith ceaptha ina Choimisinéir Eorpach.

Chaith Michael Ring trí bliana mar Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail idir 2017 agus 2020 agus bhí ina Aire Stáit in dhá Roinn eile freisin.

Tá sé fógartha cheana ag ceithre Fhine Gaelach déag eile a toghadh san olltoghchán in 2020 nach mbeidh siad san iomaíocht sa chéad olltoghchán eile – an t-iarThaoiseach Leo Varadkar agus an t-iarThánaiste Simon Coveney ina measc.

Dúirt Michael Ring inniu go leanfadh sé air ag obair ar son Fhine Gael agus mhol sé Simon Harris as "a cheannaireacht láidir".

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ