skip to main content

Ionsaí coirloiscthe ar theach oifigigh phríosúin i lár na tíre

Ball d'aonad speisialta a bhailíonn faisnéis faoi choireacht eagraithe atá san oifigeach príosúin
Ball d'aonad speisialta a bhailíonn faisnéis faoi choireacht eagraithe atá san oifigeach príosúin

Tá fiosruchán ar bun ag na Gardaí faoi ionsaí coirloiscthe a rinneadh ar theach cónaithe oifigigh phríosúin i lár na tíre go moch ar maidin inniu.

Briseadh fuinneog sa teach agus caitheadh buama petiril tríd.

Bhí an t-oifigeach príosúin agus a bhean chéile sa teach ag an am ach níor gortaíodh iad.

Ball d'aonad speisialta a bhailíonn faisnéis faoi choireacht eagraithe atá san oifigeach príosúin.

Tá an t-ionsaí cáinte ag Ard-Rúnaí Chumann na nOifigeach Príosúin, Gabriel Keaveny.

Dúirt sé gur léir go raibh baint ag an ionsaí le cúraimí oibre an fhir agus d'iarr sé ar an Aire Dli agus Cirt agus ar Choimisinéir an Gharda Síochána pé beart is gá a dhéanamh lena chinntiú go mbeidh oifigigh phríosúin sábháilte ina dtithe féin.

Tá sé ag iarraidh cruinniú gan mhoill le Stiúrthóir na Seirbhíse Príosúin leis an scéal a phlé.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ