Tá deartháir le bean a dúnmharaíodh 5 bhliana ó shin tar éis a rá leis an bPríomhchúirt Choiriúil gur bhásaigh sí faoi scéin, sceimhle dá beatha féin agus do bheatha a cuid gasúir.
Cé go raibh iarrtha aige, a dúirt David French, ar an bpobal ar a sochraid guí ar son a marfóra, a fear céile, "níl aon mhaithiúnas ná ligean i ndearmad ar an méid a tharla do mo dheirfiúr", Valerie French Kilroy a bhí 41.
Tráthnóna sa gCúirt gearradh téarma saoil sa bpríosún ar a fear James Kilroy (51) as Cathair na Mart i gCo Mhaigh Eo, tar éis dó a bheith ciontaithe an tseachtain seo caite ina dúnmharú mí an Mheithimh 2019.
Bhí James Kilroy tar éis pléadáil neamhchiontach ar bhonn gealtachta mar gheall a dúirt sé ar shíocóis spreagtha ag cannabas nó mar gheall ar ghéar-shíocóis neamhbhuan eile.
Chiontaigh an giúiré i ndúnmharú é.
Dúirt an Breitheamh Tony Hunt inniu go raibh dochar ollmhór a mhairfeadh go buan déanta ag James Kilroy agus go leanfadh iarmhairtí na hoíche ar mharaigh sé a bhean ar feadh na mblianta.
Teiripeoir saothair le Seirbhísí Meabhairshláinte Mhaigh Eo ab ea Valerie French Kilroy a raibh an-mheas uirthi agus comhluadar mór cairde aici.
Maor páirce ab ea James Kilroy agus bhí siad 11 bliain pósta tar éis dóibh aithne a bheith acu ar a chéile le 10 mbliana roimhe sin.
Oíche an 13ú Meithimh 2019 bhí Valerie ar cuairt ar chairde agus tar éis di filleadh d'ionsaigh a fear céile í le scian, bhuail sé í agus thacht sé í.
Lá arna mhárach a fritheadh James Kilroy i ngarraí in aice láimhe, ag bhfáinneáil agus é nocht.
D’inis sé do na Gardaí agus do shíciatraithe éagsúla gur chreid sé gur zombaí a bhí ina bhean agus go raibh sí féin agus meitheal cosanta Donald Trump ag iarraidh breith air agus é a chiapadh agus a mharú.
Thóg sé cannabas go rialta a dúirt sé agus bhí taom síocóise aige sa mbliain 2001 a raibh baint aige le tógáil drugaí.
Le linn na trialach bhí easaontas idir saineolaithe faoi ar shásaigh nó nár shásaigh James Kilroy na critéir a bhaineann le breithiúnas neamhchiontach ar bhonn gealtachta.
Dúirt an tOll Harry Kennedy thar ceann an Stáit gur móide gur ag fulaingt ó mheisce cannabis nó ó éirí as cannabas a bhí James Kilroy ag an am agus nach cosaint é sin ó chiontú i ndúnmharú.
Dúirt airíolla cosanta gur i ngreim ag síocóis spreagtha ag cannabas nó i ngreim ag géar-shíocóis neamhbhuan eile a bhí a gcliant.
Ag labhairt inniu sa gcúirt dúirt David French go raibh duine tógtha uathu a bhí "seasta mar a bheadh tobar áthais agus grá".
Dúirt sé go raibh bás fada, crua faighte ag a dheirfiúr agus gur cailleadh í faoi scéin di féin agus dá clann.
"Tá a máthair álainn, cumasach, grámhar caillte ag na gasúir bheaga sin, máthair a thug a croí is a hanam dóibh, agus a beatha féin sa deireadh".
Bhí eagla air a dúirt sé roimh an lá a mbeadh siad fásta suas agus go bhfaighfeadh siad an scéala faoina bás "agus na sonraí ar fad, iad chomh hainnis, chomh huafásach."